An Fhaoistin
1
Mise Pádraig, peacach ró-thuatach, an té is lú de na fíréin go léir
agus an té is lú a bhfuil meas ag a lán air. B'é Calpornius,[Nota] deochan, m'athair. Mac do Photitus, sagart, ab ea é, ó
bhaile Bannavem Taburniae[Nota]; bhí áitreabh aige lena ais, agus is ansin a gabhadh mé.
Bhí mé tuairim sé bliana déag d'aois an tráth sin. Níorbh aithnid dom an fíor-Dhia
agus tugadh i mbraighdeanas go hÉirinn mé in éineacht leis na mílte
duine — rud a bhí tuillte againn de bhrí gur thugamar cúl do Dhia agus nár
choinníomar a aitheanta agus nach rabhamar umhal dár sagairt a bhíodh ag
comhairliú ar slánaithe dúinn. Agus scaoil an Tiarna anuas orainn cuthach a
fheirge agus scaip Sé sinn trína lán ciníocha fiú go himeall an domhain, mar a
bhfuil mé suite go suarach anois i measc coimhthíoch.
2
Is ansin d'oscail an Tiarna céadfa mo ainchreidimh ionas go gcuimhnínn, má ba
mhall féin, ar mo pheacaí agus go n-iompaínn le lán-chroí chuig mo Thiarna Dia,
a shonraigh mo uirísleacht agus a rinne trócaire ar m'óige agus ar m'aineolas
agus a chumhdaigh mé sul arbh aithnid dom É agus sul a raibh tuiscint nó
idirdhealú ionam idir mhaith agus olc, agus a neartaigh mé agus a thug sólás dom
fearacht athar dá mhac.
3
Mar sin ní thig liom bheith im thost, ná níor cheart dom é, i dtaobh a liacht
tabhartas agus grásta a dheonaigh Dia a bhronnadh orm i ndúthaigh mo
bhraighdeanais, mar is é seo an éiric a dlitear orainn, tar éis dúinn smachtú a
fháil uaidh nó eolas a chur air, go mórfaimis agus go n-admhóimis a éachta os
comhair an uile chine dá bhfuil faoin spéir.
4
Mar níl Dia ar bith eile ann ná ní raibh riamh ná ní bheidh go deo ach Dia an
tAthair, gan ghiniúint gan tús, ar uaidh gach tús, ar leis an uile ní, de réir
mar cuireadh in iúl dúinn; agus a Mhac, Íosa
Críost, a ndearbhaímid faoi go raibh Sé in éineacht leis an Athair
i gcónaí, a gineadh ón Athair go spioradálta ar mhodh do-labhartha roimh thosach
an tsaoil, roimh an uile thosach, a ndearnadh gach ní, so-fheicthe agus
dofheicthe, tríd; rinneadh ina dhuine É, bhuaigh Sé ar an mbás, glacadh ins na
flaithis fairis an Athair É, agus thug Seisean dó gach cumhacht, os cionn an
uile ainm dá bhfuil ar neamh, ar talamh agus faoin talamh, agus admhóidh gach
teanga dó gurab É Íosa
Críost an Tiarna Dia. Is ann a chreidimid agus táimid ag súil lena
theacht gan mhoill ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh le cúiteamh a
thabhairt de réir a ngníomhartha. Agus dhoirt Sé orainne go fras an Spiorad
Naomh, tabhartas agus geall na beatha síoraí, Eisean a dhéanas clann mhac Dé
agus comh-oidhrí le Críost díobh siúd a chreideas ann agus a
umhlaíos Dó. Is é a admhaímid agus a adhraimid, aon Dia amháin i dTríonóid an
ainm naofa.
5
É féin adúirt tríd an bhfáidh : Glaoigh orm lá do bhuartha agus saorfaidh mé thú
agus mórfaidh tú mé. Agus deir Sé arís : Is inmholta éachta Dé a fhoilsiú agus a
admháil.
6
Más lochtach féin mé ar a lán bealach, is mian liom fios a bheith ag mo bhráithre
agus ag mo ghaolta cén saghas duine mé, le go mbeidh Sé ar a gcumas dúil m'anama
a thuiscint.
7
Is maith is eol dom fianaise mo Thiarna adeir sa Salm : Millfidh tú lucht déanta
bréag. Agus deir Sé arís : An béal atá bréagach, maraíonn sé an t-anam. Agus
deir an Tiarna céanna sa Soiscéal : An baoth-fhocal a labhrófar bhéarfaidh siad
cuntas ann Lá an Bhreithiúnais.
8
Mar sin ba rí-cheart dom le barr faitís agus critheagla bheith in imní an
bhreithiúnais sin an lá úd nach mbeidh sé ar chumas aoinne é féin a cheilt nó a
chur i bhfolach, ach go mbeidh orainn uile go léir cuntas a thabhairt go fiú i
mionpheacaí i láthair Chúirt ár dTiarna Críost.
9
Dá bhrí sin is fada ó chinneas scríobh ach ba leasc liom é go dtí seo; mar bhí
faitíos orm teanga na ndaoine a tharraingt orm óir níl foghlaim orm mar atá ar
dhaoine eile a fuair sár-eolas ar an dlí agus ar na scríbhinní naofa i dteannta
a chéile agus nár athraigh a dteanga ó aois linbh dóibh, ach iad ag síorchur
barr feabhais uirthi. Maidir liomsa, athraíodh mo chaint agus m'urlabhra go
teanga iasachta,[Nota] ionas gur furasta a chruthú ó bhlas mo scríbhinne a laghad oideachais
agus léinn a fuair mé; óir tá sé ráite : is tríd an teanga a aithnítear an
t-eagnaí, agus tuiscint agus eolas agus teagasc na fírinne.
10
Ach cén tairbhe an leithscéal, dá fhírinní é, go mórmhór má tá dánaíocht ag dul
leis, sa méid go bhfuilim ag tnúth im sheanaois le rud nár shólathraíos dom féin
im óige? B'iad mo pheacaí a choisc orm an rud a bhí léite agam a dhaingniú im
intinn. Ach cé chreideas mé, bíodh is go n-abraim an rud atá ráite agam
cheana?
Im bhuachaill dom, nó ionann agus im pháiste ó thaobh cainte de,[Nota] gabhadh
mé sul arbh eol dom céard ba cheart dom a lorg nó a sheachaint.
Mar sin tá scáth agus an-fhaitíos orm anois m'aineolas a nochtadh mar nach dtig
liom m'intinn a mhíniú do dhaoine atá cleachtach ar chaint ghonta — sé sin le
rá, de réir mar ba mhian lem anam agus lem aigne agus mar atá claonadh mo chroí
ag cur ar mo shúile dom.[Nota]
11
Ach, dá mbronntaí orm mar bronnadh ar dhaoine eile, is mé nach mbeadh im thost,
d'fhonn cúiteamh a dhéanamh. Agus má cheapann roinnt daoine go bhfuilim dom chur
féin chun tosaigh agus mé á dhéanamh seo, go m'aineolas agus go mo theanga
stadach, tá sé ráite fós : Is tapaidh a fhoghlaimeos teangacha briotacha caint
na síochána. Nach cirte go mór duinne é seo a chur romhainn, agus gur sinne, de
réir mar tá sé ráite, litir Chríost chun slánaithe go himeall an
domhain, agus más mí-shlachtmhar í mar litir is cinnte dearfa go bhfuil sí
scriofa in bhur gcroí, ní le duch ach le Spiorad Dé Bhí. Agus fós tugann an
Spiorad faisnéis : go fiú an tuatachais is é an Té is Airde a chruthaigh é.
12
Mar sin, mise a bhí i dtosach im thuatach agus im dheoraí gan foghlaim, mura
bhfuil fhios agam le réiteach a dhéanamh don am atá le teacht, tá a fhios seo go
rí-dheimhnitheach, go mba chosúil mé roimh m'isliú le cloich ina luí sa
doimhin-láib. Agus tháinig an Té atá cumhachtach agus thóg Sé mé as ucht a
thrócaire, agus ní hé sin amháin é ach d'ardaigh Sé agus chóirigh Sé ar bharr an
bhalla mé. Mar gheall air sin ní fólair dom labhairt amach os ard in éiric don
Tiarna as méid a thabhartas dom anseo agus ar feadh na síoraíochta, nach bhfuil
ar chumas intinn an duine iad a mheas.
13
Ar an ábhar sin déanaigí ionadh, a mhóra agus a bheaga a bhfuil eagla Dé oraibh,
agus sibhse, a thiarnaí ollúna,[Nota] éistigí
agus scrúdaigí seo. Cé ghríosaigh mise, neamh-thuisceanach agus
mar a bhí mé, as lár an dreama a feictear a bheith críonna agus oilte sa dlí,
agus caint agus chuile shórt ar a dtoil acu, agus cé spreag mise, a bhfuil
drochmheas ag an saol orm thar gach aoinne, le go mbeinn ar an duine — dá mbeadh
fáil agam air! — a dhéanfadh le dúthracht agus le heagla agus le hurraim, gan
aon chasaoid, leas an chine sin ar sheol carthanacht Chríost chucu
mé agus ar bhronn sí orthu mé le mo bheatha más fiú mé é; séard atá i gceist
agam le go bhfónaínn dóibh go humhal agus go fírinneach.
14
Mar sin de réir creidimh[Nota] sa
Tríonóid is ceart dom comhairle a dhéanamh, bronntanas Dé agus an
sólás síoraí a chur in iúl gan aird ar chontúirt, ainm Dé do leathadh i ngach
áit gan fuacht gan faitíos ionas go bhfágainn tar éis mo bháis oidhreacht ag mo
bhráithre agus ag mo chlann — a liachtaí sin míle duine a bhaisteas ins an
Tiarna.
15
Agus níorbh fhiú mé nó níorbh é an saghas duine mé, go mbronnfadh an Tiarna é seo
ar a sclábhaí i ndiaidh na gcruóg agus na ndua a ndeachaigh mé tríothu, go
dtabharfadh Sé dom tar éis braighdeanais, tar éis an oiread sin blianta, an méid
sin de ghrás don chine sin, rud nach raibh coinne ar bith agam riamh leis im
óige ná smaoineamh ar bith agam air.
16
Ach ar mo theacht dom go hÉirinn, mar a mbinn ag aoireacht
caorach[Nota] gach
lá, agus mar ar mhinic mé ag guí in aghaidh an lae, bhí grá agus
eagla Dé ag teacht i dtreise chugam i ndiaidh a chéile, agus bhí mo chreideamh
ag dul i méid agus bhí m'anam á ghríosadh. Dá thoradh sin deirinn suas le céad
urnaithe sa ló agus an oiread céanna beagnach san oíche, go fiú ins na coillte
agus ar an sliabh dom. Dhúisínn chun urnaí roimh sholas in ainneoin sneachta
agus seaca agus báistí agus ní airinn aon díobháil orm agus ní bhíodh leisce ar
bith orm : mar is léir dom anois, b'é an Spiorad a bhí ag lasadh ionam an tráth
sin fé ndear é.
17
Agus san áit sin oíche amháin i mo chodladh dom chuala mé glór ag rá liom : 'Ní
miste dhuit do throscadh: is gearr uait triall ar do thír dhúchais.' Agus arís i
gcionn tamaillín chuala mé glór ag rá liom: 'Féach, tá do long fa réir.' Agus ní
raibh sí i ngar dom ach b'fhéidir dhá chéad míle uaim, agus ní raibh mé riamh
san áit ná ní raibh aithne agam ar dhuine ar bith dá raibh ann. Ina dhiaidh sin
rinne mé teitheadh agus d'fhág mé an fear ar chaitheas sé bliana leis. Is trí
chumhacht Dé, a stiúraigh ar bhealach mo leasa mé, a tháinig mé agus níorbh
eagla dom tada nó gur shroich mé an long sin.
18
An lá a dtáinig mé, cuireadh an long ar snámh agus dúirt mé go bhféadfainn díol
as mo thuras leo. Ach ní raibh an captaen sásta agus d'fhreagair sé go borb
feargach : 'Tá sé fánach agatsa a bheith ag iarraidh teacht linn.' Nuair a
chuala mé seo scaras leo go bhfillinn ar an mbothán a rabhas ag cur fúm ann,
agus ar an slí dom thosaíos ag urnaí, agus sar a raibh an urnaí críochnaithe
agam chuala mé duine acu ag screadaíl in ard a chinn i mo dhiaidh : ' Tar anseo
go beo, mar tá na fir úd ag glaoch ort.' Agus d'fhilleas orthu ar an bpointe
agus thosaíodar a rá liom: 'Tar linn mar glacaimid le dúthracht thú. Déan
cairdeas linn ar bhealach ar bith is maith leat.' Agus dhiúltaigh mé an lá sin a
gcíocha a dhíul[Nota] de
bharr eagla Dé; ina leaba sin bhí súil agam go dtiocfaidís chun
creidimh in Íosa
Críost, mar ba phágánaigh iad. Is mar sin a d'éirigh liom im
theagmháil leo agus sheolamar láithreach.
19
Agus i gcionn trí lá thángamar i dtír agus rinneamar turas ocht lá agus fiche trí
fhásach, agus bhí easpa bia orthu agus bhíodar sáraithe le gorta. Agus an lá dár
gcionn labhair an captaen liom mar seo: 'Féach, a Chríostaí, deir tú gur mór
agus gur uilechumhachtach do Dhia; cén fáth mar sin nach féidir leat guí ar ár
son, mar gur baol dúinn an ghorta? Óir ní móide go bhfeicimid duine ar bith
feasta.' Dúirt mise leo go dána: 'Iompaigí le creideamh de lán-chroí i leith an
Tiarna, mo Dhia, mar nach bhfuil aoinní thar a chumhacht, ionas go gcuire sé bia
chugaibh ar bhur mbealach nó go mbeidh bhur sáith agaibh, mar is aige atá
flúirse i ngach áit.'
Agus trí chúnamh Dé b'amhlaidh a tharla. B'shiúd os comhair ár súl tréad muc agus
mharaíodar a lán díobh, agus d'fhanadar ansin dhá oíche agus beathaíodh go maith
iad agus fuair a gcuid con a sáith, áit ar éirigh a lán acu lag agus gur fágadh
leathmharbh le hais an bhealaigh iad. Ina dhiaidh seo thugadar ardbhuíochas do
Dhia agus ba ábhar onóra acu mise agus ón lá sin amach bhí bia go fairsing acu.
Fuaireadar mil fhiáin freisin agus thugadar roinnt dom agus dúirt duine acu: 'Is
mar íobairt a tugtar.'[Nota] Buíochas le Dia, níor bhlais mé aon ghreim di ansin.
20
An oíche chéanna im chodladh dom chuir Sátan cathú géar orm, rud a mbeidh cuimhne
agam air fhaid agus bheas mé sa gcolainn seo. Thit sé orm mar bheadh carraig
mhór ann agus níor fhan brí ar bith im ghéaga. Ach céard a chuir im chroí
(aineolach mar bhí mé) glaoch ar Elias? Lena linn sin chonaiceas an
ghrian ag éirí sa spéir, agus ar ghlaoch dom 'A Elias,[Nota] a Elias' in ard mo ghutha, féach, tháinig soilse na gréine
anuas orm agus thóg sí an tocht ar fad díom ar an bpointe. Creidim gurab é
Críost mo Thiarna a d'fhóir orm agus go raibh a Spiorad ag
glaoch thar mo cheann an tráth sin agus tá súil agam gur mar sin a bheas, lá mo
ghábha, de réir mar dúirt Sé sa Soiscéal: Ins an lá sin, adeir an Tiarna, ní
sibhse a labhraíonn ach Spiorad bhur nAthar a labhraíonn ionaibh.
21
Agus uair eile fós tar éis fad de bhlianta do gabhadh mé.[Nota] Agus b'í an chéad oíche ina bhfochair dom í. Agus chuala mé
teachtaireacht diaga ag rá liom: 'Go ceann dhá mhí beidh tú ina gcuideachta.' Is
mar sin a tharla: trí scór oíche ina dhiaidh sin shaor an Tiarna mé óna lamha.
22
Ina cheann sin, ar an aistear dúinn, chuir Sé bia agus tine agus triomacht ar
fáil dúinn gach lá go dtí gur shroicheamar daoine an deichiú lá. Mar adúras
thuas, ar feadh ocht lá agus fiche thriallamar trí fhásach, agus an oíche sin ar
shroicheamar daoine ní raibh greim bia againn.
23
Agus arís i gcionn beagán blianta bhí mé sa mBreatain in éineacht le
mo mhuintir. Do ghlacadar mar mhac mé agus d'impíodar orm go díograiseach gan
imeacht uathu arís feasta tar éis a raibh de chruóga fulaingthe agam.
Agus ansin chonaic mé i bhfís oíche fear agus é mar bheadh sé ag teacht ó
Éirinn, arbh ainm dó Victoricus, agus litreacha
gan choimse leis. Agus thug sé ceann acu dom agus léigh mé tosach na litre mar a
raibh 'Glór na nÉireannach,' agus nuair a bhíos ag léamh tosach na litre
b'fhacthas dom an nóiméad sin gur chuala mé a nglór, agus is le hais Coill
Acla atá in aice na farraige thiar a bhíodar. Is mar seo a ghlaodar,
mar bheadh d'aon ghuth : 'Iarraimid ort, a bhuachaill (naofa), teacht i leith
agus bheith ag siúl athuair inár measc.'[Nota]
Agus tháinig an-bhriseadh croí orm agus níor fhéadas a thuilleadh a léamh agus
ansin dhúisíos. Buíochas do Dhia gur thug an Tiarna dóibh i ndiaidh fad de
bhlianta de réir a nglao.
24
Agus oíche eile — céacu ionam féin istigh nó taobh amuigh díom ní fios dom, ag
Dia atá fhios — ghlaodar orm go rí-shoiléir i mbriathra nár fhéadas a dtuiscint
ach go ndúirt Sé ag deireadh na hurnaí: 'An Té a thug a anam thar do cheann, is
É atá ag labhairt ionat.' Agus leis sin dhúisíos go lúcháireach.
25
Uair eile fós chonaic mé ag guí ionam É, agus mé mar bheinn im chorp istigh, agus
chuala mé os mo chionn É, sé sin os cionn an duine inmhéanaigh, agus bhí Sé ag
guí ansin go láidir maille le hosnaí. Ar feadh an ama bhí mearbhall agus ionadh
orm agus bhí mé ag iarraidh a dhéanamh amach cérbh é a bhí ag guí ionam. Ach ag
deireadh na hurnaí dhearbhaigh Sé gurbh é an Spiorad É. Dhúisigh mé ansin agus
chuimhníos ar an Aspal nuair a dúirt: Fóireann an Spiorad ar laige ár
n-urnaithe; óir ní heol dúinn céard ba chóir dúinn iarraidh, de réir mar is
ceart, ach iarrann an Spiorad féin ar ár son le hosnaí do-labhartha nithe nach
bhfuil insint bhéil orthu; agus arís: Achainíonn an Tiarna ár nAbhcóide ar ár
son.
26
Agus nuair a thug cuid de m'ardsagairt[Nota] fúm, iad ag teacht agus mo pheacaí á lua acu in aghaidh m'easpagachta
duamhaire, an lá úd go dearfa buaileadh go trom mé ionas gur bhaol dom titim
abhus agus ar feadh na síoraíochta. Ach lig an Tiarna saor an coigríoch agus an
deoraí ar son a ainm le téann cineáltais, agus chabhraigh Sé go mór liom im
chosair easair mar seo dom, go nár bheag mo náire agus mo mhí-chlú in a thaobh.
Guím Dia nach gcuirfear ina leith é mar pheaca.[Nota]
27
Tar éis tríocha blian d'aimsíodar mar chúis im choinne scéal a bhí admhaithe agam
sar a rabhas im dheochan. Bhí oiread imní agus buartha orm gur inis mé faoi rún
don chara ba dhílse dá raibh agam rud a rinneas lá amháin, ní hea ach in uair an
chloig amháin, le linn m'óige mar nach raibh neart ionam go fóill. Ní fios dom,
ag Dia atá fhios, an raibh cúig bhliain déag d'aois agam an tráth sin, agus gan
creideamh agam i nDia beo — rud nach raibh agam ón naíontacht — ach mé ag
maireachtáil i mbás agus i ndíchreideamh nó gur smachtaíodh go mór mé agus gur
islíodh dáiríre mé le gorta agus nochtadh, agus sin in aghaidh an lae.
28
Ar an taobh eile de, ní uaim féin a chuaigh mé go hÉirinn ach tar éis mo
thraochta nach mór. Ach b'é mo leas é seo, mar gur cheartaigh an Tiarna mé tríd
agus gur chóirigh Sé mé i dtreo go mbeadh bail orm inniu ab fhada uaim tráth
agus go mbeadh slánú daoine eile mar chúram agus mar shaothar orm, i ndiaidh
agus nár smaoinigh mé fiú orm féin an uair sin.
29
Mar sin, an lá úd ar dhiúltaigh an dream atá luaite thuas mé, an oíche sin
chonaic mé i bhfís oíche scríbhinn a bhí ar m'aghaidh amach agus gan onóir ar
bith ag dul leis. San am céanna chuala mé glór Dé ag rá liom: 'Is olc linn gnúis
duine ar chuir Dia a shéala air a fheiceáil agus a ainm lom-nochtaithe.' Agus ní
dúirt Sé 'Chonaic tú' ach 'Chonaiceamar,' faoi mar bheadh Sé á chur féin isteach
ann, de réir mar adúirt Sé: An té a bhaineas libh, tá sé mar bheadh sé ag baint
le imreasc mo shúile.[Nota]
30
Ar an ábhar sin bheirim buíochas don Té a neartaigh mé i ngach ní mar nár
thoirmeasc Sé orm an turas a chuir mé romham ná an obair a d'fhoghlaimíos ó
Chríost mo Thiarna, ach gurbh amhlaidh a mhothaíos ionam féin
cumhacht uaidhsean nár bheag agus gur deimhníodh m'iontaoibh os comhair Dé agus
daoine.
31
Mar sin deirim go dána nach bhfuil mo choinsias dom chiontú anois na amach anseo;
tá fianaise Dé agam nach ndearna mé bréag ins an gcuntas atá tugtha agam
daoibh.
32
Is é an chaoi ar chás liom an cara ab ansa liom faoi rá agus gur thuilleas a
leithéid de scéal a aireachtáil. An té ar chuir mé fiú m'anma ar a iontaoibh!
Agus chuala mé ó roinnt de na bráithre roimh phlé na cúise sin — agus ní raibh
mé láithreach na sa mBreatain lena linn, ná ní mé ab údar leis — go raibh sé le
mo pháirt a ghlacadh agus mé as láthair. Go deimhin dúirt sé lena bhéal liom:
'Féach, táthar chun tú a thabhairt chun céim na heaspagachta' — rud nárbh fhiú
mé é. Ach céard d'éirigh dó ina dhiaidh sin gur chuir sé droch-chlú orm os ard
os comhair an uile dhuine, idir olc agus mhaith, agus a rá go raibh an rud sin
maite aige cheana dom dá dheoin féin go lúcháireach — agus ní aigesean amháin
ach ag an Tiarna chomh maith, gur mó ná cách É?
33
Is leor sin. Ach mar sin féin ní ceart dom tabhartas Dé a bhronn Sé orm i
ndúthaigh mo bhraighdeanais a cheilt, mar gurbh shin é an tráth ar lorgaíos go
dúthrachtach É agus gur ins an áit sin a fuaireas É agus a tharrthaigh Sé mé ar
an uile dhrochbheart, de réir mar chreidim, trína Spiorad atá ag lonnú ionam
agus atá ag obair go dtí an lá atá inniu ann. Is dána arís mo bhriathra. Ach tá
fhios ag Dia dá n-abraíodh duine eile mar seo liom go mb'fhéidir go bhfanfainn
in thost as ucht grá Chríost.
34
Mar gheall air sin gabhaim buíochas gan staonadh le mo Dhia a choinnigh dílis mé
lá mo chathaithe i dtreo is go n-ofráilim m'anam inniu dó go muiníneach mar
bheo-íobairt, do Chríost mo Thiarna a thug saor mé ó mo
chruachásanna uile ionas gurab é adéarfainn: Cé mise, a Thiarna, nó céard é mo
ghlaoch, gur oibrigh do Dhiacht chomh láidir liom, i dtreo is go n-ardaím agus
go móraim d'ainm i measc na gciníocha i gcónaí inniu cibé áit a mbím, ní hamháin
le linn sonais ach i gcruatan dom chomh maith. Fágann sin gur ceart dom gach a
dtarlaíonn dom, más olc maith é, a ghlacadh agus buíochas a ghabháil de shíor le
Dia a thaispeáin dom an iontaoibh do-chlóite ba chóir dom a chur ann i gcónaí.
Is É d'éist le mo ghuí ionas go raibh de mhisneach ionam, aineolach agus mar
atáim, ins na laethe deiridh seo, tabhairt faoin ngnó seo atá chomh naofa agus
chomh míorúilteach sin, i dtreo is go bhfuilim ag déanamh aithrise, ar bhealach,
ar na daoine sin a thairngir an Tiarna fadó go bhfógroidis a Shoiscéal mar
fhianaise don uile chine roirah dheireadh an tsaoil. Ismar sin a chonaiceamar
agus is mar sin a tharla. Féach, is finnéithe sinn gur craoladh an Soiscéal
chomh fada i gcéin agus nach bhfuil aoinne níos sia siar.
35
B'fhada, áfach, cur síos a dhéanamh ar iomlán mo shaothair, gníomh ar ghníomh nó
fiú ina choda. Inseoidh mé go hathghearr cé mar shábháil Dia, le barr
dúthrachta, go minic ó sclábhaíocht mé agus ó dhá ghábh déag ina raibh m'anam i
gcontúirt, gan trácht ar a lán ionsaithe agus eachtraí a dtéann sé díom a gcur i
mbriathra. ní maith liom mo léitheoirí a thuirsiú, ach tá Dia ag a bhfuil fios
an uile ní roimh thitim amach dóibh, ina fhianaise agam, gur minic a thug
ráiteas diaga comhairle dom, im bhochtán agus im dhílleachta mar tá mé.
36
Cad as an eagna seo dom, agus gan í ionam féin, mar nárbh eol dom uimhir mo
laethe agus nárbh aithnid dom Dia? Cad as dom fós bronntanas chomh mór agus
chomh folláin le Dia a aithint nó a ghráú, más ar chuntar féin é go gcaillfinn
mo thír dhúchais agus mo ghaolta?
37
Agus is iomaí bronntanas a tairgeadh dom le caoi agus deora, agus thógadar orm é
agus bhí mé ag cur i gcoinne tola chuid de m'ardsagairt. Ach trí stiúradh Dé
níor aontaigh mé leo na níor ghéill mé dóibh ar bhealach ar bith. Ní liomsa a
bhuíochas ach le Dia a rug bua tríom agus a sheas ina n-aghaidh uilig, i dtreo
go dtáinig mé chun muintir na hÉireann leis an Soiscéal a fhorleathadh agus le
tarcaisní a fhulaingt uathu siúd a bhí gan creideamh, agus le mo thuras a
chloisteáil a mhaslú agus le géarleanúna a fhulaingt go tiugh go fiú na
ngéibheann agus le mo shaoirse a chaitheamh uaim ar mhaithe le daoine eile. Agus
más fiú mé é tá mé réidh go fiú m'anam a thabhairt gan staonadh dem lántoil ar
son a ainm agus is ann is mian liom mo shaol a chaiteamh go bás má ligeann an
Tiarna liom.
38
Arae, tá mé i bhfiacha go mór ag Dia a gheall dom an oiread sin de ghrásta, agus
gur athghineadh i nDia tríom na sluaite daoine a chuaigh faoi láimh easpaig i
ngach áit agus gur oirníodh cléir i ngach áit dóibh, do phobal nach dtáinig chun
an chreidimh ach le gairid agus a ghlac an Tiarna ó imill an domhain de réir mar
gheall sé fadó trína fháithe: Tiocfaidh na Gintlithe chugat ó imill an domhain
agus déarfaidh siad: 'nach déithe bréige a sholáthraigh ár n-aithreacha dóibh
féin agus gan feidhm ar bith iontu,' agus arís: Chuireas mar sholas i measc na
nGintlithe thú le go mba údar slánaithe thú fiú go himchéin an domhain.
39
Agus is ansin is mian liom fanacht le geallúint an Té úd nach bhfeallann riamh ná
choíche, de réir mar gheallann Sé sa Soiscéal: Tiocfaidh siad ón oirthear agus
ón iarthar, agus suífidh siad le hAbraam agus le
hIsaac agus le Iacób, de réir mar chreidimid go
bhfuil na fíréin le teacht ón domhan uilig.
40
Ar an ábhar sin is cóir iascaireacht a dhéanamh go maith agus go cúramach de réir
chomhairle agus teagaisc an Tiarna, ag rá dó: Tagaigí im dhiaidh agus déanfaidh
mé iascairí daoine díbh. Agus deir Sé arís trína fháithe: Féach, tá mé ag cur a
lán iascairí agus fiagaithe chun bealaigh uaim, adeir Dia; agus araile. Dá bhrí
sin ba rí-chóir dúinn ár líonta a leathadh ionas go ngabhfaí lear mór agus slua
daoine do Dhia agus go mbeadh cléir i ngach ball leis an bpobal atá ina chall
agus ag tnúth leis a bhaisteadh agus a ghríosadh, de réir mar adeir an Tiarna sa
Soiscéal, ag múineadh agus ag comhairliú dó: Dá bhrí sin, imigí libh anois agus
múinigí an uile chine, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an
Spioraid Naoimh, á dteagasc chun gach ní a chomhlíonadh dá bhfuil ordaithe agam;
agus féach, táim in éineacht libh gach lá go deireadh an tsaoil. Agus arís deir
Sé: Dá bhrí sin imigí ar fud an domhain uilig agus craolaigí an Soiscéal do gach
neach; an té a chreidfeas agus go mbaistfear é, beidh sé slán, agus an té nach
gcreidfidh daorfar é. Agus arís: Craolfar Soiscéal seo na Ríochta ins an domhan
uilig mar fhianaise do gach cine agus ansin tiocfaidh an deireadh. Agus arís
deir an Tiarna trin bhfáidh i dtairngreacht: Agus tarlóidh ins na laethanta
deiridh, adeir an Tiarna, doirtfidh mé dem Spiorad ar an uile cholainn, agus
beidh bhur gclann mhac agus bhur gclann iníon ag tairngreacht, agus chífidh bhur
n-aos óg aislingí agus déanfar taibhrimh do bhur seanóirí, agus doirtfidh mé dem
Spiorad ar mo shearbhóntaí idir fhir agus mhná ins na laethanta sin agus
tairngreoidh siad. Agus deir Sé in Ósé: Glaofaidh mé mo phobal ar
phobal nár liom iad agus lucht gnóthaithe trócaire orthu siúd a bhí in éagmais
na trócaire agus ins an áit a ndúradh: ní muintir liom sibh, tabharfar orthu
ansin clann Dé Bhí.
41
Cé mar tharla in Éirinn daoine a bhí riamh gan eolas ar Dhia ach iad i gcónaí go
dtí seo ag adhradh íol agus nithe neamhghlana, cé mar tharla go ndearnadh le
deireannaí pobal an Tiarna díobh agus go ngairtear clann Dé díobh, go bhfuil
clann mhac na Scot agus clann iníon na ríthe le feiceáil ina manaigh agus ina
n-ógha le Críost?
42
Agus bhí cailín uasal beannaithe amháin orthu de chine na Scot agus í in aois mná
agus fíor-álainn. Bhaisteas féin í agus tar éis cúpla lá tháinig sí chugainn ar
ábhar éigin agus chuir sí in iúl dúinn go bhfuair sí scéala ó aingeal Dé agus
gur chomhairligh sé di bheith ina hóigh le Críost agus druidim chun
Dé. Buíochas le Dia an séú lá dár gcionn do ghlac sí go hiontach díograiseach an
ní úd a ghlacas gach óigh le Dia.
Ní de thoil a n-aithreach é ach is é an chaoi a bhfuil siad ag fulaingt
géarleanúna agus tarcaisní gan údar óna dtuismitheoirí agus ina dhiaidh sin is
ag dul i lionmhaire atá siad. Ní heol dúinn cé mhéad dar gcineál atá tar éis
athghiniúna ansin cé is moite de bhaintreacha agus díobh siúd a chuir suas de
chearta a bpósta. Ach is ar na mná atá i mbraighdeanas atá an bhail is measa: tá
go fiú sceoin agus bagartha a bhfulaingt acu gan sos. Ach do thug Dia grásta dá
lán dá bhanóglaigh arae, bíodh is go gcrostar orthu é, tá an lorg á leanúint acu
go tréan.
43
Dá bharr sin dá mba mhaith liom féin iad a fhágáil agus an Bhreatain a bhaint
amach — agus nach é a thaitneodh liom amhail duine a bheadh ag tabhairt aghaidh
ar a thír dhúchais agus ar a thuismitheoirí! — agus ní hé sin amháin é ach
imeacht fad leis an nGaill le cuairt a thabhairt ar na bráithre agus aghaidh
naomh mo Thiarna a fheiceáil — tá fhios ag Dia go mba mhian liom go mór é — ach
tá ceangal ag an Spiorad orm a chiontódh mé dá ndéanainn amhlaidh, ag cur in iúl
go gcuirfidh Sé breith coirpigh liom. Agus is eagal liom an saothar ar chuireas
tús leis a chailliúint — agus ní mé a chuir tús leis ach Críost an
Tiarna a d'ordaigh dom teacht agus fanacht ina bhfochair an chuid eile dem
shaol, más toil leis an Tiarna é agus go gcoinníonn Sé ón uile dhrochbhealach mé
ionas nach ndéanfaidh mé peaca os a chomhair.
44
Sé mo thuairim gurab é seo mo dhualgas ach tá mé gan iontaoibh asam féin fad is
táim sa gcorp seo an bháis, mar is láidir an té úd at a gach lá ag iarraidh mé
iompú ón gcreideamh agus ón gcráifeacht gheanmnaí gan cur i gcill atá curtha
romham agam go deireadh mo shaoil ar son Chríost mo Thiarna. Ach tá
an cholann naimhdeach ag síor-tharraingt chun an bháis, eadhon, chun sásaimh na
n-ainmhianta mar atá crosta orainn. Agus tá fhios agam ar shlí nár chaitheas
saol a bhí gan locht, fearacht na bhfíreán eile. Ach admhaím dom Thiarna, agus
níl náire orm os a chomhair mar ní bréag dom é: ón uair a chuireas aithne air im
óige bhí grá agus eagla Dé ag méadú ionam, agus trí ghrásta Dé tá an creideamh
coinnithe agam go nuige seo.
45
An té ar mhian leis é bíodh sé ag magadh agus ag maslú, ní fhanfaidh mise im
thost ná ní cheilfidh mé na comharthaí agus na hiontais a thaispeáin an Tiarna
dom blianta móra sar ar tharla siad, mar is dual dó siúd arbh eol dó gach ní fiú
roimh aimsir an tsaoil seo.
46
Dá bhrí sin ba chóir dom buíochas a ghabháil gan sos le Dia a mhaith dom go minic mo dhíth céille agus mo fhaillí agus gur
mhinic nár ghabh fearg mhór chugam É. Mar ceapadh mé im chúntóir dó, agus is
mall a d'aontaigh mé de réir mar cuireadh ar mo shúile dom agus mar a thug an
Spiorad leid dom. Agus rinne an Tiarna trócaire orm na mílte míle uair mar
d'aithin Sé orm go rabhas réidh ach nárbh eol dom, agus an chaoi ina raibh mé,
céard ba cheart dom a dhéanamh, mar bhí a lán daoine ag toirmeasc na
toscaireachta seo agus caint den tsaghas seo ar siúl acu: 'Cad chuige an bhfuil
an té seo á chur féin i gcontúirt i measc naimhde nach eol dóibh Dia?' Ní de
bharr an droch-chroí é ach nár cheart leo é mar gheall ar mo thuatachas — agus
admhaím féin gur mar sin a thuigeas an scéal. B'fhada gur aithníos an grásta a
bhí ionam an tráth sin: is léir dom anois go mba chóir dom a aithint cheana.
47
Mar sin, tá cuntas simplí tugtha agam anois dom bhráithre agus dom chomh-oibrithe
a chreid ionam mar gheall ar an teagasc a thugas agus atá á thabhairt agam le
bhur gcreideamh a neartú agus a dhaingniú. Is é mo ghuí go mbeidh sampla níos
fearr á leanúint agaibhse agus obair níos tábhachtaí á déanamh! Siúd í an ghlóir
atá romham mar is glóir athar mac eagnaí.
48
Is eol daoibh agus do Dhia cé mar chruthaigh mé in bhur measc óm óige i bhfírinne
an chreidimh agus le dúthracht croí. Na Págánaigh féin a bhfuil cónaí orm ina
measc, níor chliseas orthu na ní chlisfead. Tá fhios ag Dia nár imreas feall ar
aoinne acu agus gur fada uaim a leithéid, ar son Dé agus a Eaglaise, ionas nach
dtarraingeoinn gearleanúint orthu agus orainn uilig agus nach maslófaí ainm an
Tiarna tríom; mar tá sé ráite: Is mairig a maslaítear ainm an Tiarna dá
bharr.
49
Óir cé gur aineolach mé ar gach bealach, mar sin féin thug mé iarracht mé féin a
shábháil fiú ar na bráithre Críostaí, ar na hógha le Críost agus ar
na mná cráifeacha a bhíodh dá ndeoin féin ag tabhairt bronntanas dom agus ag
fágáil roinnt dá n-ornaidí ar an altóir. Thugainn ar ais arís dóibh iad agus
thógaidís orm é go ndéanainn amhlaidh. Ach is le súil na síoraíochta a bhí mé,
le go gcoinnínn aire orm féin mar gheall air seo i ngach ní, i dtreo is go
nglacadh na págánaigh ar ábhar ar bith liom[Nota], nó le mo dhaor-sheirbhís, agus nach dtabharfainn faill sa mionrud féin
do na hainchreidmhigh tromaíocht nó cáineadh a dhéanamh.
50
B'fhéidir, tar éis dom a liacht sin mílte duine a bhaisteadh, go raibh súil agam
ó dhuine acu le oiread agus leath-screaball? Insigí dom é agus tabharfaidh mé ar
ais daoibh é. Nó, nuair d'oirnigh an Tiarna cléirigh i ngach áit trí bhíthin
m'ísleachta agus gur dháileas an feadhmannas orthu in aisce, má d'iarras ar
aoinne go fiú luach mo bhróige, insigí im aghaidh é agus tabharfaidh mé ar ais
daoibh é.
51
Is é an chaoi ar dhíol mé féin airgead thar bhur gceann ionas go nglacaidís liom
agus rinne mé taisteal in bhur measc agus i ngach áit trína lán contúirtí, fiú
gus na reigiúin in imigéin nach raibh duine ar bith níos sia siar, áit nach
dtáinig aoinne riamh le baisteadh nó le cléir a oirniú nó leis an bpobal a chur
faoi láimh easpaig. B'é tabhartas an Tiarna go ndearna mé gach ní go cúramach
agus go rí-fhonnmhar thar cheann bhur slánaithe.
52
Thugainn bronntanais do na ríthe amanna lasmuigh den tuarastal a thugainn dá
gclann mhac atá ag triall in éineacht liom, ach mar sin féin rugadar orm agus ar
mo chompánaigh agus ba rí-mhian leo mo mharú an lá sin, ach nach raibh an t-am
tagaithe fós. Gach ní dá bhfuaireadar againn, sciobadar leo é agus chuireadar
iarainn orm féin, agus ar an gceathrú lá déag shaor an Tiarna óna smacht mé agus
tugadh ar ais dúinn gach ar bhain linn ar son Dé agus ar son na gcarad dílis a
bhí soláthraithe agam roimh ré.
53
Fuair sibh féin amach an méid atá íoctha leo siúd a bhí ag rialú fan na reigiún
uile ar a mbíodh mo thriall go minic. Is dóigh liom nach lú na luach cúig dhuine
dhéag a bhfuil roinnte agam orthu le go mbainfeadh sibhse taitneamh asam agus go
mbainfinn taitneamh asaibhse i gcónaí i nDia. Níl a aithreachas orm, ná ní leor
liom é. Tá mé ag caitheamh go fóill agus caithfidh mé a thuilleadh fós. Tá sé ar
chumas an Tiarna a thabhairt dom amach anseo mé féin a chaitheamh ar son bhur
n-anma.
54
Féach, cuirim fianaise m'anama ar Dhia nach bréag atá mé a rá agus nach i ngeall
ar phlámás nó brabach atá mé ag scríobh chugaibh agus nach ag súil le honóir ó
aoinne agaibh atáim. Arae is leor an onóir nach bhfeictear go fóill ach a
gcreideann an croí inti. Is dílis an Té a gheall: ní thugann Sé a éitheach
choíche.
55
Ach airím mé féin ardaithe go mór ag an Tiarna cheana féin ar an saol seo agus
níorbh fhiú mé agus níorbh é an sórt duine mé go dtabharfadh Sé seo dom. Is
rí-mhaith is fios dom gur fearr a oireas bochtanas agus anró dom ná saibhreas
agus só. Go fiú Críost an Tiarna féin, bhí Sé ina bhochtán ar ár
son; maidir liomsa atá im thruán dearóil, dá santaínn rachmas féin níl sé agam.
Ní ag tabhairt breithe orm féin atá mé mar tá mé gach lá ag brath ar bhás nó
caimiléireacht nó mo ghabháil i mbraighdeanas nó gábh éigin eile. Ach ní heagal
liom rud ar bith acu seo de bharr geallúna na bhflaitheas, mar tá mé féin caite
agam i lamha Dé uilechumhachtaigh a bhfuil réim aige i ngach áit de réir mar
adeir an fáidh: Cuir do chúram faoi choimirce Dé agus cothóidh Seisean thú.
56
Féach anois tiomnaím m'anam do mo Dhia ró-dhílis a bhfuil toscaireacht ar a shon
ar siúl agam, dá ísle mé. Ach ó nach dtugann Sé fabhar don phearsain is mise a
thogh Sé i gcomhair na hoifige seo, le go mbeinn ar dhuine den chuid ba hí da
fheadhmannaigh.
57
Ach cé mar chúiteos mé leis in éiric a bhfuil bronnta aige orm? Céard a déarfas
mé nó céard a gheallfas mé dom Thiarna mar nach bhfuil neart ar bith ionam ach
gur thug Seisean dom é? Scrúdaíodh Sé an croí agus an aigne, arae is mór agus is
rí-mhór a shantaím agus atáim ullmhaithe go ndeonadh Sé dom a chailís le n-ól
mar dheonaigh Sé dóibh eile a ghráigh É.
58
Dá bharr sin nár líge mo Dhia dom go gcaillfinn[Nota] choíche a phobal a cheannaigh Sé in imchéin an domhain. Guím Dia
buanseasmhacht a thabhairt dom agus a dheonadh go mbeidh mé im fhinné dílis dó
go fágáil an tsaoil seo dom ar son mo Dhé.
59
Agus má thug mé riamh faoi rud ar bith den mhaith ar son mo Dhé a ghráim,
achainím air a dheonadh dom go ndoirtfidh mé m'fhuil in éineacht leo siúd atá
ina ndeoraithe agus ina mbraighde ar son a ainm, fiú da mbeinn gan adhlacadh
agus go stracfaí gach ball dem chorp gan trua gan taise óna chéile ag madraí nó
beithígh allta nó go n-alpfadh éanlaith an aeir é. Is é is rí-chinnte liom, dá
dtarlaíodh sin dom go raibh m'anam gnóthaithe agam mar aon le mo chorp, mar go
n-aiséireoimid gan aon amhras ar an lá sin i ngile na gréine, eadhon i nglóir
Chríost Íosa ár Slánaitheoir, amhail clann Dé Bhí agus comh-oidhrí
Chríost agus daoine a bhfuil samhail a dheilbhe-sean le teacht
orthu; óir is uaidh-sean agus is tríd-sean agus is ann-san atáimid le ríocht a
bhaint amach.
60
An ghrian seo a chímid ag éirí faoina réir-sean gach lá ar mhaithe linne, níl
ríocht i ndán di choíche ná ní sheasfaidh a gile; ach an méid a adhras í is é an
chaoi a rachaidh siad go dearóil chun pianta troma. Ní mar sin duinne a
chreideas i gCríost agus a adhras É, an fhír-ghrian nach bhfuil éag
i ndán dó choíche, ná don té a dhéanas a thoil ach an oiread, ach go mairfidh sé
go deo de réir mar mhaireas Críost go deo, Eisean atá ina Rí in
éineacht le Dia an tAthair Uile-chumhachtach agus leis an Spiorad Naomh roimh an
saol agus anois agus le saol na saol. Amen.
61
Féach, tá mé chun briathra m'fhaoistine a nochtadh go hathghearr arís agus arís
eile. Is é m'fhianaise le fírinne agus le lúcháir croí os comhair Dé agus a
naomh-aingeal nach raibh cúis ar bith riamh agam seachas an Soiscéal agus a
gheallúna go bhfillfinn choíche ar an gcine úd gur ar éigin d'éirigh liom éalú
uathu cheana.
62
Ach is é mo ghuí ar lucht creite i nDia agus ar lucht a eagla, cibé duine a
dheonas an scríbhinn seo a chum Pádraig, peacach, neamh-oilte is mar tá sé, in
Éirinn a iniúchadh nó a ghlacadh, nach n-abróidh aoinne choíche go mb'é mo
aineolas ab údar le cibé beagán a rinne mé nó a léirigh mé de réir toil Dé. Ach
ceapaigí agus creidtear — is é lomchlár na fírinne é — go mba tabhartas Dé é.
Agus siúd i mo Fhaoistin roimh bhás dom.