AN LITIR CHUN COROTÍCUS*
[Nota]
*1
Is é mo thuairisc[Nota]
orm féin, Pádraig, duine gan léann, im chónaí in Éirinn
dom, gur easpag mé. Níl aon amhras orm nach ó Dhia a fuaireas é siúd a bhaineas
liom. Is de ghrá Dé dá bhrí sin atá cónaí orm i measc treibheanna barbaracha im
dhíbeartach agus im dheoraí; bíodh a fhianaise airsean gur mar sin atá. Ní hé
gur mhian liom aoinní chomh crua géar sin a ligean thar mo bhéal, ach tá
dúthracht do Dhia á chur fé ndear dom agus is í firinne Chríost a tharraing asam
é as ucht grá comharsan agus clainne, ar thréig mé mo thír dhúchais agus mo
thuismitheoirí agus mo bheatha go bás ar mhaithe leo. Más fiú é, tá mé ag
caitheamh mo shaoil ar son Dé d'fhonn na gintlithe a theagasc, cé gur scorn le
roinnt daoine mé.
2
Is le mo laimh féin a scríobhas agus a chumas na briathra
seo lena dtabhairt agus lena síneadh agus lena gcur chun saighdiúirí Chorotícus,
ní abraim chun mo chomh-chathróirí nó chun chomh-chathróirí na Rómhánach[Nota]
naofa ach chun lucht aon chathrach leis na diabhail, de bhíthin a ndrochghníomhartha.
Tá siad a n-iompar féin fearacht naimhde, ag maireachtáil sa mbás dóibh agus
iad i gcomhar leis na Scoit agus leis na Cruithne a shéan an creideamh. Fuil ar
sileadh leo agus iad fliuch léi, fuil Chríostaithe neamh-urchóideacha a bhí
ginte agam i líon Dé, agus a bhí daingnithe agam i gCríost.[Nota]
3
An lá i ndiaidh
a n-ungtha le criosma agus éadach geal an bhaiste orthu—bhí an chumhracht fós
ar a mbaithis agus ár agus slad a ndéanamh orthu go míthrócaireach leis an
gclaíomh ag an dream réamhráite—chuir mé litir le sagart naofa, ar thugas
teagasc do ó bhí sé ina leanbh, agus le cléirigh eile ag iarraidh orthu
roinnt den chreich sin nó cuid de na cimí baiste a thabhairt dúinn. Magadh a
rinneadar fúthu.
4
Dá bharr sin ní fios dom cé acu is mó is ábhar bróin dom:
na daoine a maraíodh nó iad sin atá gafa acu atá i ngreim daingean ag an diabhal.[Nota]
Ifreann gona phianta síoraí atá i ndán dóibh mar aon leis-sean óir is
sclábhaí ar ndó an té a dhéanas peaca agus tabharfar mac an diabhail air.
5
Dá bhrí sin bíodh fhios ag gach aoinne gur eagal leis Dia nach bhfuil aon pháirt
liomsa nó le Críost mo Dhia, a bhfuil taidhleoireacht ar a shon mar chúram orm,
ag lucht fionghaile in aghaidh athar agus deárthar, faolta cíocracha atá ag
alpadh pobal Dé mar bheadh arán ann. Mar adúradh, do léirscrios lucht an oilc do
dhlí, a Thiama—dlí a bhí curtha aige go seoigh le gairid in Éirinn le teann
trócaire, agus a raibh borradh faoi trí ghrásta Dé.
6
Ní ag forghabháil atá mé.
Tá páirt agam leo siúd a bhí glaoite agus réamh-chinnte aige chun an soiscéal a
chraoladh i measc géarleanúna nár bheag, fiú go himeall an domhain, bíodh is go
bhfuil ár namhaid i bhformad linn trí ansmacht Chorotícus. Ní umhlaíonn sé do
Dhia na dá shagairt atá tofa aige agus ar ar bhronn Sé an chumhacht diaga is
uaisle agus is airde, eadhon go mbeadh ceangal ar neamh orthu siúd a
gcuirfidís-sean ceangal ar an saol seo orthu.
7
Dá bhrí sin, séard atá fúm a
chur ina luí oraibh thar gach ní, a naomha agus a ísle croí, nach gceadaítear
lútáil ar a leithéid nó bia nó deoch a chaitheamh in éineacht leo nó déirc a
ghlacadh uathu go ndéana siad leorghníomh do Dhia le haithrí dhian, agus le
sileadh deor, agus go saora siad seirbhísigh Dé agus ban-óglaigh bhaiste Chríost
a bhfuair Sé bás ar a son, go fiú a chéasta.[Nota]
8
Diúltaíonn an Té is Airde do
thabhartais na n-olc. An té ofráileann íobairt as riar na mbocht, tá sé mar
bheadh sé ag íobairt an mhic os comhair an athar. An t-ollmhaitheas, adeir Sé,
atá bailithe aige san éagóir, caithfear amach as a ghoile é; tá aingeal an
bháis a sciobadh leis, beidh confadh na ndragún a chéasadh, maróidh teanga na
nathrach nimhe é, tá an tine dhomhúchta á loscadh. Mar an gcéanna: Is mairg
dóibh sin a líonas iad féin le nithe nach leo, nó: Cén leas do dhuine an domhan
uile a ghnóthú agus a anam féin a chailliúint?
9
B'fhadálach an scéal é gach
uile ní a chur trí chéile agus a insint, agus fainséisí a bhailiú i dtaobh a
leithéid de shaint ar fud an Dlí go léir. Is coir mharfach í an tsaint. Ná
santaigh cuid do chomharsan, ná maraigh. Ní thig le dúnmharfóir bheith i
gcuideachta Chríost. An té a bhfuil fuath aige dá bhráthair, áirítear mar
dhúnmharfóir é. Nó: An té nach ngráíonn a bhráthair tá sé ag lonnú san mbás.
Nach mó go mór cionta an té úd a thruailligh a lámha le fuil chlann Dé, a bhain
Sé amach dó féin le deireannas ar imeall an domhain trí spreagadh ar n-isleachta?
10
An é go dtáinig mé go hÉirinn gan Dia bheith liom, nó de réir na colla?
Cé chuir iachall orm? Tá mé faoi cheangal ag an Spiorad gan aoinne dem mhuintir
a fheiceáil. An díom féin go bhfuil caon-trócaire á dáil agam ar an gcine sin a
ghabh mar bhrá mé, tráth, agus a rinne creach de lucht aimsire teaghlaigh
m'athar, idir fhir agus mhná? Ba shaoránach mé de réir na colla: ba decurion
m'athair. Is é an chaoi ar dhíol mé mo chéim uaisleachta—ní náir liom é ná ní
cás liom é—ar mhaithe le daoine eile. Dá bhíthin sin, is searbhónta i gCríost
mé do náisiún coimhthíoch chun ghóire dolabhartha na beatha síoraí atá i gCríost
Íosa ar dTiarna.
11
Agus, mura n-aithníonn mo mhuintir féin mé, ní fhaigheann
fáidh onóir ina thír dhúchais. An é nach den aon bhanraigh sinn nó nach é an
t-aon Dia atá mar athair againn, de réir mar atá ráite: An té nach bhfuil liom
is im aghaidh atá sé, agus an té nach mbailíonn liom, ag scaipeadh atá sé. Ní
ceart go mbeadh duine ag scrios agus an duine eile ag tógáil. Ní lorgaím an ní
is liom. Ní domsa a bhuíochas ach do Dhia, a chuir an cúram seo im chroí go
mbeinn ar dhuine de na fiagaithe nó de na hiascairí ar thairngir Dia fadó a
dteacht ins na laethanta deiridh.
12
Tá olc ag daoine chugam. Céard a dhéanfas
mé, a Thiarna? Níl meas ar bith orm. Féach, tá do chuid caorach atá thart orm á
réabadh agus á bhfuadach agus is iad na gadaithe réamhráite is údar leis, ar
ordú Chorotícus an droch-chroí. Is fada ó charthanacht Dé brathadóir
Críostaithe i lámha na Scot agus na gCruithne. Tá tréad an Tiarna alptha ag
faolta craosacha, agus is é a bhí ag borradh go breá in Éirinn le barr díograise.
Ní thig liom a bhfuil de chlann mhac na Scot[Nota]
agus iníonacha na ríthe ina manaigh agus ina n-ógha le Críost a chomhaireamh. Dá bhrí sin ná ceadaigh éagóir
ar na fíréin: ní cheadóidh mé fiú go hlfreann.[Nota]
13
Cé acu de na naoimh nár
ghráin leis suairceas a dhéanamh nó fleadh a chaitheamh lena leithéidí? Tá a
dtithe lán acu le creich Chríostaithe marbh; is ar bhradáil a mhaireas siad. Ní
thuigeann siad, na truáin, gur nimh mharfach an bia atá á thairiscint acu dá
gcairde agus dá gclann mhac amhail nár thuig Éabha go mb'é an bás a bhí á
thabhairt aici dá fear. Mar sin do lucht déanta an oilc; is é an bás síoraí atá
siad a shaothrú mar phionós.
14
Nós é atá ag Críostaithe Rómhánacha na Gaille
go gcuireann siad fir dheabhóideacha éirimiúla chun na bhFrancach agus chun na
náisiún eile le oiread áirithe míle solidí d'fhonn braighde baiste a
fhuascailt. Maidir leatsa, is é an chaoi a maraíonn tú iad agus a ndíolann tú
iad le cine choimhthíoch atá in aineolas Dé. Tá tú mar bheifeá ag teilgean baill
Chríost i mbaoisteach. Cén dóchas atá agat as Dia nó ag aoinne atá ag teacht
leat nó ag déanamh plámáis leat? Dia a bhéarfas breith. Arae tá sé scriofa: Ní
iadsan amháin atá ag déanamh an oilc a daorfar ach an dream atá ag aontú leo
chomh maith.
15
Ní mé céard a déarfas mé nó a labharofas mé a thuilleadh i
dtaobh clann Dé atá báisithe, iad sin ar theagmhiagh an claíomh go rí-chrua
leo. Séard atá scriofa: caoinigí le lucht caointe; agus arís: Má bhíonn brón
ar bhall amháin bíodh comhbhrón ar na baill go léir. Dá bhrí sin tá an Eaglais
ag éagaoineadh agus ag mairgnigh a clann mhac agus iníon nár mharaigh an claíomh
go fóill iad ach go bhfuíl siad aistrithe agus fuadaithe go tíortha in imigéin,
áit ar lionmhar an peaca agus é follas, marfach, mí-náireach. Is ansin a díoladh
saoránaigh agus rinneadh sclábhaithe de Chríostaithe — agus a rá gur ag na
Cruithne, na coirpigh urchóideacha sin a shéan an creideamh, atá siad!
16
Ar an ábhar sin déarfaidh mé in ard mo ghutha go dobrónach doilíosach: A bhráithre
agus a chlann mhac is áille agus is ansa liom, agus a ghin mé i gCríost in bhur
slua do-áirithe, céard a dhéanfas mé ar bhur son? Ní fiú mé tarrtháil ar Dhia
nó ar dhaoine. Tá an lámh in uachtar orainn ag olcas na n-olc. Tá ionann agus
coimhthígh déanta dinn. An é nach gcreideann siad gur aon bhaiste amháin atá
faighte againn nó gur aon Dia amháin is athair dúinn? Is náire leo gur in
Éirinn a rugadh sinn[Nota].
Mar adúradh: Nach aon Dia amháin atá agaibh? Cén faith
ar thréig gach n-aon díbh a chomharsa?
17
Dá bhrí sin tá mé ag déanamh bróin
agus róbhróin ar bhur son, a mhuintir is ansa liom, ach ina dhiaidh sin tá
lúcháir ar mo chroí istigh; ní saothar in aisce a bhí agam agus ní raibh mo
thaisteal gan toradh. Agus más uafásach dolabhartha an choir a thit amach, a
bhuí le Dia sibh a bheith imithe den tsaol seo ar Pharrthas in bhur gcreidmhigh
bhaiste. Is léir dom sibh: tá aghaidh tugtha agaibh ar an áit nach mbeidh oíche
ann choíche na doilíos na bás a thuilleadh, ach beidh gliondar oraibh amhail
gamhna a saorfaí ó gheimhle, agus gabhfaidh sibh de chosa ar lucht an oilc agus
beidh siad ina luaithrigh faoi bhur gcosa.
18
Mar sin beidh réim agaibhse in
éineacht leis na fáithe agus leis na mairtírigh. Bainfidh sibh amach na ríochta
síoraí de réir mar thugann Seisean fianaise, ag rá dó: Tiocfaidh siad ón
oirthear agus ón iarthar agus suífidh siad le hAbraham agus Isaac agus Iacób i
ríocht na bhflaitheas. Lasmuigh a bheas madaí agus lucht asarlaíochta agus
dúnmharfóirí. Agus: Lucht an mhionna bhréige, log na tine suthaine is dán dóibh.
Ní gan fáth adeir an tAspal: an áit nach slán don fhíreán ach ar éigin, cén
bhail a gheobhas an peacach agus an coirpeach a sháraíos an dlí air féin?
19
Ar an ábhar sin cá bhfeicfidh Corotícus mar aon lena chuid coirpeach atá
easumhal do Chríost, iad féin—dream a roinneas mná baiste mar bhronntanais ar
mhaithe le ríocht shuaraigh shaolta, nach maireann ach nóiméad? Amhail scamall
nó deatach a scaiptear leis an ngaoth, mar sin síothlóidh peacaigh fhealltacha ó
láthair an Tiarna. Na fíréin, áfach, beidh fleadh acu go seasmhach suthain i
gcuideachta Chríost, tabharfaidh siad breith ar na náisiúin agus beidh forlámhas
acu ar dhrochríthe go saol na saol. Amen.
20
Is é m'fhianaise os comhair Dé
agus a Aingeal gur mar sin a bheas, de réir mar chuir Sé in iul dom aineolas. Ní
hiad mo bhriathrasa ach briathar Dé agus na nAspal agus na bhfáithe atá
foilsithe agam i Laidin, agus b'fhada riamh uathusan bréag a dhéanamh. An té a
chreideas slánófar é, ach an té nach gcreidfidh daorfar é. Is é Dia aduirt.
21
Is í an achainí is mó atá agam ar cibé is seirbhíseach fonnmhar do Dhia go
dtabharfaidh sé an litir seo leis agus nach gceilfidh aoinne nó nach gcuirfidh
aoinne i bhfolach í ach, a mhalairt ar fad, go léifear os comhair an phobail go
léir i agus i láthair Chorotícus féin. Dá mbeadh go gcuirfeadh Dia ina gcroí
aithrí a dhéanamh uair éigin do Dhia i dtreo go dtiocfadh cathú orthu go mall
féin mar gheall ar an ainghníomh atá déanta acu—dúnmharú ar bhráithre an
Tiarna—agus go saorfadh siad na mná baiste atá gafa acu, ionas go mb'fhiú iad
maireachtáil do Dhia agus slánú a bhaint amach anseo agus go deo! Síocháin don
Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh. Amen.